
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Éamonn Ó Duibhir as Gaoth Dobhair agus Mary Uí Chomhaill ó choiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall.
8/6/2025
Beidh Éamonn ina rith ó Charn Uí Néid go Cionn Mhálanna le hairgead a bhailiú d’Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall agus ina chuideachta fosta tá Mary Uí Chomhaill ó choiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall.
Duration:00:11:37
Andy Caomhánach.
8/6/2025
Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta agus teicneolaíochta.
Duration:00:08:24
Cartlann na Céadaoine.
8/6/2025
Inniu ar Chartlann na Céadaoine rachaidh muid siar go dtí mí Lúnasa na bliana 1990 nuair a thug Uachtarán na hÉireann, Pádraig Ó hIrghile cuairt ar oileán Thoraí.
Duration:00:06:35
Majella Orr, Bainisteoir GTeic Charraig Airt agus an Tearmainn.
8/6/2025
Má tá tú anseo ar saoire agus giota beag oibre le déanamh agat, tá spásanna oibre ar fáil i 21 mol de chuid ‘Connected Hubs’ anseo sa chontae agus tá Majella ag cur sios ar na moill seo.
Duration:00:05:39
Annemarie Uí hIcí, príomhoide Scoil an Aingil Choimhéadaí ar an Chéideadh.
8/6/2025
Tá iarrachtaí leanúnacha ar bun i gcónaí ag Scoil an Aingil Choimhéadaí ar an Chéideadh níos mó daltaí a mhealladh go dtí an scoil agus tá sparánachtaí a dtairiscint acu san am i láthair do theaghlaigh lena bpáiste a chlárú ar an scoil.
Duration:00:06:02
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
8/6/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:05:40
Barrscéalta, clár iomlán, 06/08/2025.
8/6/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallchóir.
Duration:00:56:01
Mark Harte.
8/5/2025
Tá achomharc a dhéanamh ag Aire Bonneagair Thuaisceart Éireann, Liz Kimmins in éadan chinneadh na hardchúirte i mBéal Feirste gan cead a thabhairt uasghrádú a dhéanamh ar bhealach an A5.
Duration:00:07:26
Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.
8/5/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:38
Andy Caomhánach, fear na ríomhairí.
7/30/2025
Mír rialta le Andy faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta.
Duration:00:07:42
Aodh Mac Ruairí as Árainn Mhór.
7/30/2025
Beidh seachtain speisialta ar Árainn Mhór ar an tseachtain seo chugainn nuair a dhéanfar ceiliúradh ar 200 bliain ó tógadh Teach Pobail Naomh Cróine ar an oileán in 1825.
Duration:00:05:05
Cartlann na Céadaoine.
7/30/2025
Rachaidh muid siar do dtí an bhliain 2000 nuair a labhair Edel Ní Chuireáin le hÁine Ní Ghallchóir as Gort a’Choirce a rinne ionadaíocht don Ghaeltacht ag Féile Mháire an Chlocháin Léith na bliana sin.
Duration:00:06:53
Mo Phíopa Gairid Donn le Charlie Mc Ghloinsigh.
7/30/2025
Dán a athris ag Charlie Mac Ghloinsigh, Gleann Fhinne a bhí i mBocsa na Faoistine an tseachtain seo.
Duration:00:02:57
Pádraic Reaney ealaíontóir as an Cheathrú Rua i gConamara.
7/30/2025
Tá an taispeántas ‘Obair Saoil’ leis an ealaíontóir, Pádraic Reaney as an Cheathrú Rua i gConamara ar siúl sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair san am i láthair.
Duration:00:07:11
Máirín Uí Fhearraigh, ball de Choiste Forbartha Ghabhla.
7/30/2025
Tá Oileán Ghabhla gan uisce ó bhí tús mí Iúil ann agus labhair Máirín linn faoin scéal is deireanaí maidir leis an fhadhb seo.
Duration:00:11:29
Frances Nc Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
7/30/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:18
Bosca na Faoistine – Charlie Mac Ghloinsigh – Gleann Fhinne.
7/29/2025
Is é Charlie atá mar aoi i mBosca na Faoistine, bhí comhrá ag Michelle leis ina theach cónaithe agus phlé siad a óige, na suimeanna a bhí agus atá aige agus go leor ábhar eile.
Duration:00:22:54
Garda Breandán Mac Artáin ó Stáisiún Gardaí Leitir Ceanainn.
7/29/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochana sa chontae le heolas agus comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraí éagsula a tharla sa chontae le seachtain.
Duration:00:05:42
Tony Canavan, Oifigeach Feidhmiúcháin Réigiúnach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar agus san Iarthuaisceart.
7/29/2025
Ag cur fáilte roimh fhógra an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill go mbeidh dhá mhol máinliachta a fhorbairt san iarthuaisceart anois – mol máinliachta i Sligeach agus mol máinliachta ag Otharlann Leitir Ceanainn.
Duration:00:14:08
Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó Sheomra na Nuachta.
7/29/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:05:31