
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
John Mac Eamharcaigh Bainisteoir Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór.
8/27/2025
Tá dea-scéala faighte ag Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór agus Cumann na mBád ar an oileán go bhfuil maoiniú faighte acu le dhá bhád rámhaíochta úr a chéannacht.
Duration:00:04:54
Malachy Ó Néill a bhfuil cónaí air ar bhruach Loch Neacha.
8/27/2025
Chuaigh an grúpa ‘Sábháil Loch Neacha’ chomh maith le lucht feachtasaíochta eile i mbun ágóidíocht aan tseachtain seo ar imeall an locha le haird a tharraingt ar an mhíshástacht atá orthu faoin easpa dul chun cinn atá déanta maidir an loch a chosaint ó thruailliú.
Duration:00:10:03
Cartlann na Céadaoine.
8/27/2025
Inniu ar Chartlann na Céadaoine rachaidh muid siar go dtí an bhliain 1980 nuair a labhair Feardorcha Ó Colla le Manus Mac Giolla Bhríde as Leargáin Riach sna Dúnaibh, fear a chaith na blianta mar fhear an phoist sa cheantar sin.
Duration:00:05:49
Dónall Ó Cnáimhsí Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt.
8/27/2025
D’fhógair Oifigeach Cultúrtha agus Teanga de Bhord Chumann Peil na mBan i nDún na nGall, Dónall Ó Searcaigh go bhfuil sé ag seasamh siar ón Bhord mar gheall go bhfuil Cumann Peile na mBan ag diúltú éisteachtaí smachta chlub Gaeltachta a éisteacht i nGaeilge agus labhair Dónall le Michelle maidir le seo.
Duration:00:07:31
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
8/27/2025
Tá Piaras ag labhairt ar an scéal nach raibh ach 13% d’othair le hailse a raibh ceimiteiripe uathu, a thosaigh ag fáil cóir leighis taobh istigh den am atá leagtha síos, in Otharlann Leitir Ceanainn sa chéad ráithe de 2025.
Duration:00:18:08
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó Sheomra na Nuachta.
8/27/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:18
Barrscéalta, clár iomlán, 27/08/2025.
8/27/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:55:45
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.
8/26/2025
Tá Gearrliosta IMRO fógraithe agus tá Barrscéalta ainmnithe ar an ghearrliosta seo leis an chlár a rinneadh faoi Thubaiste Theach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga, maidin Luain Cásca.
Duration:00:04:18
Marie Nic Giolla Easpaig.
8/26/2025
Tá teaghlach agus cairde, Carl Henderson as Maigh Rath i gContae an Dúin a fuair bás le taom croí agus é ar an Earagail, ag iarraidh rud inteacht dearfach a dhéanamh i gcuimhne ar Charl agus é beartaithe acu airgead a bhailiú le dífhibrileoir a chur ar an Earagail.
Duration:00:13:51
An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.
8/26/2025
Labhair Denis faoi scéim na mbricí lochtacha atá i bhfeidhm anois agus daoine ag athógáil a gcuid tithe ach deir Comhairleoirí Contae an Pháirtí Cúitimh 100% go bhfuil neamart a dhéanamh ar úinéirí tí faoin scéim go fóill.
Duration:00:08:53
An Garda Éamonn Ó Gallachóir.
8/26/2025
Mír rialta an Gharda Síochána.
Duration:00:10:25
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó Sheomra na Nuachta.
8/26/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:06:03
Seosamh Mac Ceallbhuí.
8/25/2025
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí peile a bhí ar siúl i gcraobhacha peile na bhfear ag an deireadh seachtaine.
Duration:00:09:39
Eibhlín Nic Cormaic.
8/25/2025
Ceadaíodh tionscadal úr dochtúireachta idir Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste agus Conradh na Gaeilge ag díriú ar ról na mban i bhfeachtais chearta teanga sa dara leath den fhichiú haois agus labhair Eibhlín faoin taighde a bheas idir lámha aici.
Duration:00:08:45
An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir.
8/25/2025
Labhair Pat faoin tragóid a tharla ar an Chlochán Liath tráthnóna Dé hAoine nuair a maraíodh páiste óg naoi mbliana d’aois, Joey Forker.
Duration:00:06:28
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta.
8/25/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:33
An Tráchtaire Spóirt Seosamh Mac Ceallabhuí.
8/22/2025
Ag plé cluichí craoibhe club na contae a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.
Duration:00:05:09
Pól Ó Cuireáinn, Club Rothaíochta Chú Uladh sa Ghaeltacht Lár.
8/22/2025
Beidh baill de Club Rothaíochta Chú Uladh sa Ghaeltacht Lár ag rothaíocht ón Chlochán i gContae Uibh Fhailí go dtí'n Chlochán i gContae Dhún na nGall le hairgead a bhailiú do Ionad Lae an Chlocháin sa Ghaeltacht Lar.
Duration:00:02:53
Denis Mac Géidigh ó Leabharlann Ghaoth Dobhair.
8/22/2025
Tá taispeantas an ghrúpa ealaíne Plein Air ar siúl i Leabharlann Ghaoth Dobhair, tá 55 saothar péintéireachta ó Ghaeltacht Thír Chonaill le feiceáil sa taispeantas seo.
Duration:00:04:31
Bainisteoir Margaíochta Theach Solais Fhánada, Diane Ní Chanainn.
8/22/2025
Beidh turas ar theach solais Fhánada ar siúl amárach mar pháirt d’imeachtaí Sheachtain na hOidhreachta.
Duration:00:02:11