
Adhmhaidin
RTE Ireland
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
Location:
Casla, Ireland
Genres:
US News
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 91 506629
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
adhmhaidin@rte.ie
Episodes
Emir Ní Mhurchú - Bainisteoir Fhorbairt na Dromoda Teo.
7/16/2025
Tá Oifigeach Turasóireachta le hearcú anois ag Forbairt na Dromoda Teo, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, chun cúrsaí turasóireachta a chur chun cinn.
Duration:00:05:50
Thomas Byrne : an tAire Stát sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
7/16/2025
Inné sa mBruiséil phlé Comhairle na nAirí Gnóthaí Eachtracha an ghéarchéim trádála leis na Stáit Aontaithe agus inniú tá sé dá thuairisciú go bhfuil athbhreithnú suntasach le déanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta.
Duration:00:06:37
Catherine Connolly TD neamhspleach as Gaillimh Thiar.
7/16/2025
Tá sé fógartha go h-oifigiúil ar maidin, ar an gclár Adhmhaidin go mbeidh sí ina h-iarrthóir do thoghchán Uachtaránachta na hÉireann. Sí an Teachta Connolly an chéad iarrthóir atá ainmnithe don toghchán.
Duration:00:10:47
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin – Tuairisceoir RnaG.
7/16/2025
Tugadh le fios ag cruinniú d’fhochoiste Cho Co Dhún na nGall inné go bhfuil deacrachtaí móra leis an phróiseas riaracháin do Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha.
Duration:00:03:47
Treasa Uí Fhátharta: Bainisteoir Chomhar Creidmheasa Cholmcille.
7/16/2025
Ó mhí Dheireadh Fómhair beidh baill de Chomhar Creidmheasa Cholmcille in ann íocaíochtaí meandracha nó íocaíochtaí SEPA a dhéanamh óna gcuid cuntais. Céard atá i gceist?
Duration:00:04:49
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG.
7/16/2025
Tá Mairéad McGuinness dearbhaithe ag Fine Gael le bheith mar iarrthóir an pháirtí do thoghchán na hUachtaránachta. Tráthnóna inné pléadh Bille na gCríoch Gafa ag an gCoiste Gnóthaí Eachtracha agus bhí cuid den phlé sin teasaí.
Duration:00:04:56
An Tuairisc Spóirt.
7/16/2025
Cárthach Breathnach.
Duration:00:03:07
Ceannlínte na bPáipéar Nuachta.
7/16/2025
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Duration:00:01:38
Nuacht an lae: Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.
7/16/2025
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta: Tristan Rosenstock Príomhscéalta an Iarthair: Maidhc Ó Féinneadha Príomhscéalta an Deiscirt: Róisín Ní Chéilleachair Príomhscéalta an Tuaiscirt: Maighréad Uí Annluain.
Duration:00:10:32
Adhmhaidin Dé Céadaoin 16ú Iúil 2025.
7/16/2025
Clár cúrsaí reatha agus nuachta.
Duration:01:00:39
An Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú.
7/15/2025
Léiríonn figiúirí atá faighte ag an bhFeisire Ní Mhurchú faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, go raibh 800 ciontóir gnéis i bpríosúin na tíre ag deireadh mhí na Bealtaine i mbliana - sin méadú 16% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.
Duration:00:05:37
Mairéad Farrell TD.
7/15/2025
Tá cáineadh déanta ag an Teachta Farrell ar Cho Co na Gaillimhe nach bhfuil aon choinníol teanga curtha leis an bhforbairt tithe ar chíos reasúnach atá dhá thógáil ag an Áisíneacht tithíochta TUATH i mBearna.
Duration:00:05:09
Gobnait Ní Mhuimhneacháin Co Co Chorcaigh.
7/15/2025
Tá an Comhairleoir Ní Mhuimhneacháin míshásta nach bhfuil coinníol teanga curtha leis na 8 dteach shóisialta a cheadaigh Comhairle Chontae Chorcaigh a fhorbairt in aice Ardán Ghobnatan i mBaile Mhúirne.
Duration:00:04:54
An Feisire Eorpach Seán Kelly.
7/15/2025
Tá an Coimisiún Eorpach tar éis liosta de tháirgí Mheiriceánacha ar fiú €72 billiún é a dhréachtadh, liosta a bhféadfaí táillí trádála a ghearradh orthu mura n-éiríonn leis an idirbheartaíocht le Stáit Aontaithe Mheirceá.
Duration:00:04:55
Denis Mac Aoidh Co Co Dhún na nGall.
7/15/2025
Caithfear suí síos le hUisce Éireann agus na deacrachtaí atá le Scéim Tithíochta an Fhalcarraigh a phlé a dúirt an Comhairleor Condae Denis Mac Aoidh.
Duration:00:04:50
An Coirnéal Seosamh Mac Donncha.
7/15/2025
Tá 50 lá tugtha ag Uachtarán Mheirceá Donald Trump don Rúis réiteach a fháil ar chogadh na hÚcráine nó beidh smachtbhannaí á ngearradh aige orthu, a déir sé.
Duration:00:05:01
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG.
7/15/2025
Déarfaidh an Tánaiste Simon Harris lena chomhghleacaithe rialtais ar maidin gur údar imní na táillí trádála 30% atá bagraithe ag Uachtarán Trump na Stáit Aontaithe ar an ngeilleagar anseo agus go bhféadfaí go gcaillfí roinnt postanna.
Duration:00:04:06
An Tuairisc Spóirt.
7/15/2025
Antoine Ó Conghaile.
Duration:00:03:23
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.
7/15/2025
Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Duration:00:01:27
Ceannlínte na Nuachta: Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.
7/15/2025
Ceannlínte Náisiúnta & Idirnáisiúnta: Marion Ní Shúilleabháin Ceannlínte an Tuaiscirt: Caoimhe Ní Chonchoille Ceannlínte an Iarthair: Fionnuala Uí Neachtáin Ceannlínte an Deiscirt: Conn Ó Muíneacháin.
Duration:00:11:17